Mná le haistriú ó Ospidéal Portiuncula i gcúinsí áirithe Nuashonraithe

Mná le haistriú ó Ospidéal Portiuncula i gcúinsí áirithe

Ospidéal Portiuncula i mBéal Átha na Sluaighe i gCo na Gaillimhe

Mná atá ag súil le páiste agus atá faoi chúram máithreachais Ospidéal Portiuncula in oirthear na Gaillimhe, cuirfear iad faoi chúram ospidéal eile sa réigiún sin má tá a sláinte nó sláinte an linbh i mbaol.

Rinneadh an cinneadh agus athbhreithiniú leanúnach á dhéanamh ar chaighdeán an chúraim san aonad máithreachais in Ospidéal Portiuncula.

Mná a bhfuil diaibéiteas toirchis orthu, a bhfuil innéacs ard corpmhaise acu nó a bhí i ndeacracht agus iad ag tabhairt linbh ar an saol cheana, cuirfear na mná sin in ospidéil eile feasta lena leanbh a bhreith.

Cuirfear in ospidéil eile freisin mná a cheaptar atá lena leanbh a bhreith cúig seachtaine nó níos mó roimh an ngnáth-théarma.

Tá a bhfuil beartaithe curtha in iúl d'fhoireann an ospidéil atá suite i lár Bhéal Átha na Sluaighe.

Deirtear gur ar son shábháilteacht na n-othar atá na hathruithe á ndéanamh.

Saolaíodh thart ar 1,300 leanbh in Ospidéal Portiuncula in 2024 agus meastar go mbeidh laghdú de 25% ar an líon sin nuair a chuirfear na hathruithe i bhfeidhm.

Baineann an scéal leis an imní atá léirithe faoin líon naíonán nuabheirthe a cailleadh san ospidéal nó ar bhain dochar inchinne agus tinnis eile dóibh agus iad á dtabhairt ar an saol ann le roinnt blianta.

Anuraidh, cuir i gcás, bhí an céatadán naíonán nuabheirthe ar bhain einceifealapaite iscéimeach hiopocsach (EIH) dóibh san ospidéal níb airde ná mar a bheadh súil leis.

Bhain EIH do sheisear naíonán in Ospidéal Portiuncula anuraidh i gcomparáid le cás amháin an bhliain roimhe sin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

>