Fear as Dún na nGall maraithe i dtimpiste bóthair i gCailfornia
Maraíodh fear as Co Dhún na nGall i dtimpiste bóthair i gCalifornia in iarthar na Stát Aontaithe inné.
Tá sé á thuairisciú ag na meáin áitiúla thall gur bhuail gluaisteán an fear go gairid tar éis an mheán oíche in Huntington Beach ó dheas de Los Angeles.
Tuairiscítear freisin gur ghabh na póilíní tiománaí an ghluaisteáin, fear 21 bliain d'aois, ar an mball agus amhras orthu nach raibh sé i riocht an fheithicil a thiomáint.
35 bliain d'aois a bhí an fear a maraíodh, arbh as oirthear Dhún na nGall é, agus bhí sé ina chónaí sna Stáit Aontaithe le roinnt bliana.
Bhí céile agus clann aige.
Tá an drochscéal ligthe lena dhaoine muinteartha i nDún na nGall.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ