257 oifig phoist dúnta ar fud an Stáit le deich mbliana
Dúnadh 257 oifig phoist ar fud an Stáit le deich mbliana, de réir na faisnéise a cuireadh ar fáil i bhfreagra ar cheist parlaiminte ón Teachta Dála David Cullinane ó Shinn Féin.
Is i gCorcaigh a dúnadh an líon is mó, 34 san iomlán idir thuath agus bhaile.
21 oifig phoist a dúnadh i mBaile Átha Cliath, 21 i nGaillimh, 19 i nDún na nGall, 18 i Maigh Eo agus 15 i Maigh Eo.
Dúirt David Cullinane gur chuir an fhaisnéis alltacht air agus mhaígh gur ag dul in olcas atá an scéal.
Tá oifigí poist fite fuaite i saol na tíre, arsa sé, líonra fíorthábhachtach a chuireann seirbhís riachtanacha ar fáil, lena n-áirítear seirbhísí airgeadais, seirbhísí leasa shóisialaigh agus seirbhísí tacaíochta pobail nach iad.
Thug sé le fios freisin go bhfuil imní mhór ar mháistrí poist faoina bhfuil i ndán d'oifigí poist na tíre.
Dar leis an gCuileanánach go gcreideann na máistrí poist nach bhfuil na conarthaí atá acu faoi láthair, nach bhfuil siad sách tarraingteach agus nach bhfuil daoine nua ag teacht isteach san earnáil dá bharr sin.
An mhí seo caite, thug máistrí poist foláireamh go bhféadfadh 40% d'oifigí poist na tíre dúnadh mura gcuirfeadh an Rialtas i bhfad níos mó maoinithe ar fáil don líonra.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ