Fear sáite agus maraithe in iarthar Bhaile Átha Cliath Nuashonraithe
Fear sáite agus maraithe in iarthar Bhaile Átha Cliath
Nuashonraithe / Dé Luain, 7 Iúil 2025 18:32
Joseph McEvoy a sádh agus a maraíodh in iarthar Bhaile Átha Cliath ar maidin inniu
Sádh agus maraíodh fear 34 bliain d'aois sa Bhaile Gaelach in iarthar Bhaile Átha Cliath go moch ar maidin inniu.
Ba é sin Joseph McEvoy a hionsaíodh i dteach i gClós an tSeanchaisleáin ag thart ar 6 a chlog ar maidin.
Tá fear sna tríochaidí gafa ag na Gardaí faoin marú.
Creideann na Gardaí go raibh baint ag an ionsaí le haighneas idir theaghlaigh sa cheantar, aighneas atá ar bun le cúpla bliain.
Deir na Gardaí freisin gur tharla roinnt eachtraí foréigneacha in iarthar Bhaile Átha Cliath i gcaitheamh na hoíche sular maraíodh Joseph McEvoy.
I dteach i gClós an tSeanchaisleáin hionsaíodh Joseph McEvoy
Dódh gluaisteán in Ascaill Ghort an Ghleanna, bhuail carr faoi charr eile i gceantar an Dúin Ghlais agus caitheadh buama peitril le teach sa Seanchaisleán.
Coirpigh óga sna déaga agus sna mionfhichidí is mó atá páirteach san aighneas, a deir na Gardaí, agus is i gCluain Dolcáin, i mBaile Uí Rónáin agus i Leamhcán atá siad bunaithe.
Tá an dlí curtha cheana féin ar roinnt daoine faoi ionsaithe a rinneadh ar dhaoine agus ar thithe roimhe seo de bharr an aighnis.
Ba as Ascaill an Dúin Ghlais i gCluain Dolcáin Josepy McEvoy.