"Níl faitíos ar bith orm labhairt amach" Catherine Connolly Nuashonraithe

"Níl faitíos ar bith orm labhairt amach" Catherine Connolly

Sheol an Teachta Dála Catherine Connolly a feachtas Uachtaránachta ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin.

Luaigh Connolly go ndearna sí go leor, leor machnaimh ar an gceist thar chúpla mí anuas. Dúirt sí nach ndearna sí an cinneadh ar an bpointe boise ach gur thóg sí a cuid ama i leith na ceiste 'ní mór dom a rá, ní dhearna mé an cinneadh a dhéanamh thar oíche', a dúirt sí.

Ar deireadh, d'fhill sí ar na glaochanna a fuair sí ag impí uirthi a hainm a chur chun cinn le bliain go leith anuas. Rinne Connolly neamhaird ar na glaochanna seo go dtí go raibh uirthi cinneadh a thógáil maidir leis an bhfeachtas. I ndeireadh na dála, dúirt sí gur chinn sí a hainm a chur ar an bpáipéar toisc go bhfuil sí neamheaglach, neamhspleách agus go bhfuil cosmhuintir na tíre seo ina croí istigh.

Deir sí freisin go bhfuil sí ag iarraidh 'fís eile' a chur chun cinn ar son cosmhuintir na tíre mar go n-aithníonn sí an deighilt idir iad agus rialtais na tíre.

Deir Catherine Connolly gur bheartaigh sí seasamh i dtoghchán na hUachtaránachta chun ceannaireacht a léiriú ar son na síochána, ar son na Palaistíne go háirithe. Aithníonn sí an brón agus an fhearg atá ar Éireannaigh maidir leis an gceist seo.

Ag caint fuithí féin mar Uachtarán, luaigh sí gur mhaith léi a bheith in ann cluas éisteachta a thabhairt do gach duine le dínit.

Éist le Admhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 8 agus 9.

>