Bearta in aghaidh Iosrael le cur faoi bhráid Airí Eorpacha

Bearta in aghaidh Iosrael le cur faoi bhráid Airí Eorpacha

Ceannasaí gnóthaí eachtracha an Aontais Eorpaigh, Kaja Kallas

Tá Airí Gnóthaí Eachtracha an Aontais Eorpaigh le bearta in aghaidh Iosrael a phlé mar gheall ar an gcinedhiothú a deir ballstáit áirithe atá an tír sin a dhéanamh in Gaza.

Tá Éire ar cheann de na tíortha a deir gur cinedhíothú na bPalaistíneach atá ar bun ag Iosrael, ach bíodh is go gcuireann brúidiúlacht na nIosraelach samhnas ar fhormhór na mballstát níl siad ar aon fhocal faoin gceist.

Go deimhin, creidtear nach ndéanfaidh na hAirí Gnóthaí Eachtracha aon chinneadh faoi bhearta in aghaidh Iosrael sa chruinniú a bheas acu inniu.

Foirmiúlacht mar sin a bheas sna bearta a chuirfeas ceannasaí gnóthaí eachtracha an Aontais, an tEastónach Kaja Kallas, os comhair an chruinnithe inniu.

Baineann an scéal leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus Iosrael agus na hoibleagáidí cearta daonna atá ar na hIosraelaigh dá réir.

Dréachtaíodh na bearta a chíorfar inniu nuair a cinneadh go raibh na hoibleagáidí sin sáraithe ag Iosrael.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

>